Agus mé i mo luí sa leaba, mo chos briste agus gan aon ghluaiseacht inti, bhí neart ama agam smaoineamh ar an méid a dhéanfainn nuair a bheinn ar mo chosa arís. Ba é an chéad rud ar an liosta ná ‘live new experiences with friends’, agus an focal new líneáilte go cúramach le béim a chur air. Mar sin, bhí a fhios agam go díreach cad ba cheart dom a dhéanamh nuair a chonaic mé fógra don Tren de la Fresa, iarnród oidhreachta a ritheann turais laethúla i mí Dheireadh Fómhair: chuir mé ina luí ar Sara agus Fernando teacht liom don lá.
Bhailigh an triúr againn le chéile ag músaem traenach Mhaidrid go moch maidin Dé Domhnaigh, tuirseach traochta, ach amháin chun fáilte a fháil ó bhéicíl fear a bhí gléasta in éide sheanré iompair traenach. Le huafás orm, thuig mé gur tharraing mé mo chairde isteach in eispéireas idirghníomhach a dearadh do pháistí, aisteoirí agus gach uile rud.
Nuair a shuíomar féin agus sluaite teaghlach óga ar bord, thosaigh an traein ar a turas i dtreo Aranjuez, cathair stairiúil ar imeall Mhaidrid. Bhíomar ag comhrá agus bhí gach rud measartha gnáth go dtí gur tháinig beirt aisteoirí aníos le suitcases agus thosaigh siad ag béicíl ar a chéile. Níor lean mé an scéal i ndáiríre, ach bhí an triúr againn ag gigíl leis an seó amaideach.
Ní raibh a fhios againn gurbh fhearr fós a bhí le teacht. Tar éis an léirithe spontánaigh, thosaigh ceol ag pléascadh amach ó na callairí agus mheall na haisteoirí an vaigín ar fad chun canadh leo le hamhrán téama an Tren de la Fresa. Chuir sé sin thar maoil sinn agus bhíomar inár smidiríní ag gáire agus muid ag teacht isteach go hAranjuez.
Ansin mhalartaíomar na binsí adhmaid ar chúlshraith an chiquitren, traein bóthair gan ráillí a bhí díreach cosúil leis na cinn is cuimhin liom ag sciobadh timpeall bailte turasóireachta na Spáinne i mo óige. Ina dhiaidh sin bhí turas báid ar an abhainn agus ansin lón, inar bhlais mé cosa frog den chéad uair. Déarfainn gur bhlais siad cosúil le sicín, ach i ndáiríre bhlais siad cosúil leis an ngairleog inar cócaráladh iad.
Ar an turas traenach ar ais bhí orainn amhrán an Tren de la Fresa a chanadh arís, an uair seo le babhla beag sútha talún inár lámha. Beidh a fhios ag an té agaibh atá ag déanamh a gcuid Duolingo go gciallaíonn Tren de la Fresa ‘Strawberry Train’, ainm a tháinig ón úsáid a bhain an traein amach tráth chun barr sútha talún Aranjuez a thabhairt isteach go Maidrid.
Ba ansin, agus mé ag canadh “tren de la fresa, tren de la fresa, baila sin parar y mueve la cabeza”, a thuig mé gur féidir fiú na pleananna is amaidí a dhéanamh iontach nuair a bhíonn dea-chairde i do chuideachta. Cibé acu sútha talún úra a ithe, amhrán cáisiúil a chanadh, nó léim idir na hardáin chrithte idir seanvaigíní traenach, caithfimid an saol —agus sláinte agus sábháilteacht— a ghlacadh beagán níos lú dáiríre.



