Zierikzee

09.09.26 — Zierikzee

Zierikzee

09.09.26 — Zierikzee

Uaireanta bíonn an-chuid rudaí le déanamh agat. Éirí, siúl isteach sa bhaile, bricfeasta a ithe, spaisteoireacht abhaile arís, cithfholcadh a ghlacadh, mála a phacáil, tiomáint chuig páirc téama, dul ar an turas sa teach ciaptha, borgaire a ithe, bheith sáite go craiceann ar na ruathair uisce, triomú ar an gcósta sorcóra is tapúla sa pháirc, scíth a ligean ar bhinse, dul ar chósta sorcóra eile, scíth a ligean ar bhinse eile, agus an rud céanna a dhéanamh arís is arís eile. Sin é go díreach a bhí ar siúl ag Cami agus mé féin an uair dheireanach a bhí mé i Zierikzee, an baile san Ísiltír ina bhfuil sí ina cónaí anois.

Ach uaireanta, níl le déanamh agat ach tada a dhéanamh.

Is iontach an rud é gan tada a dhéanamh anois is arís, ach is fearr fós é nuair a bhíonn comhluadar maith agat. Níl aon duine eile arbh fhearr liom dul ag breathnú thart sna siopaí nó dul amú sa choill leis ná Cami. Is féidir linn bheith ag comhrá go maidin nó suí go compordach ina dtost, gach duine againn ag líneáil bobáin daite i gcluiche nua ar an bhfón póca a chuir sí an-chraic ionam ann.

Tá an áit féin tábhachtach freisin. Is é Zierikzee an áit cheart chun cúpla lá a chaitheamh gan dada a dhéanamh. Tá an baile timpeallaithe ag uisce agus tá atmaisféar suaimhneach ann. Is beag carr a bhíonn ann agus is annamh a bhíonn sluaite móra daoine ag líonadh na sráideanna. Agus na sráideanna sin! Tá gach aon fhoirgneamh chomh hálainn sin go gcuireann sé alltacht ort. Cuir beagán gréine samhraidh leis an méid sin ar fad agus ní féidir dul amú ort.

Is é an chodarsnacht spíosra na beatha. Bliain amháin bíonn Cami agus mé féin amuigh ag dul ar eachtraí; an bhliain dár gcionn bímid ag ligean ár scíthe. Pé scéal é, bíonn am den scoth againn.