Los Urrutias

22.02.26 — Murcia

Los Urrutias

22.02.26 — Murcia

Agus mé i mo luí sa leaba ar an gcéad oíche i mo lóistín ollscoile, bhí mé timpeallaithe ag cacafónacht de fhuaimeanna nár chuala mé riamh cheana. Chuala mé glór na síréan póilíní, dord cianda an tráchta, agus guthanna báite daoine anaithnide sna seomraí os mo chionn, fúm, agus ar an dá thaobh díom. Bhí an fhuaimdhreach nua seo plúchta agus cúng i gcomparáid le fuaimdhreach mo shráidbhaile féin, áit nach mbristear ciúnas na hoíche ach le corrghlao éin nó géim bhó anois is arís.

Nuair a d’fhág mé Leeds i ndiaidh dom bogadh go Maidrid, ní dheachaigh an saol ach i dtreise. Go tobann bhí orm dul i dtaithí ar bhailiú bruscar i lár na hoíche, ar chóisirí a mhair go maidin, agus ar chomhchónaitheoirí nárbh é an cogar an modh cainte ab ansa leo. Ag an am, ba mhór an eachtra dom é ar fad, ach táim fíorbhuíoch anois go bhfuil cónaí orm in árasán atá scoite go maith ó thorann leanúnach na cathrach.

Deirim é seo ar fad mar tá sé tugtha faoi deara agam gur meabhrúchán seasmhach, doshéanta é an torann ar an áit ina bhfuilim. Ag deireadh an lae, luím sa leaba, múchaim na soilse agus dúnann mé mo shúile le bheith liom féin agus le mo smaointe. Mar sin féin, ní féidir éalú ó fhuaimeanna sainiúla na háite mórthimpeall orm. Agus na céadfaí eile ag ciúnú de réir a chéile, cloisim an chathair fós. Bíonn an chathair ann i gcónaí. Níor fhoghlaim mé riamh í a choinneáil amach.

In ainneoin corréan drámata nó bó ghlórach, airím uaim fós suaimhneas na n-oícheanta sin sa sráidbhaile. Breis agus deich mbliana tar éis dom mo bhaile dúchais a fhágáil, tuigim go meallann saol na tuaithe mé fós. Deir na Spáinnigh go dtéann ‘an gabhar i gcónaí chun na sléibhte’. Measaim nach bhfuil mise éagsúil.

Is ait liom nár thuig mé é seo níos luaithe, mar bhí na leideanna os mo chomhair le blianta fada. Tar éis dom bogadh go Maidrid, ba í Asturias mo dhídean rialta, áit ar mhothaigh mé mé féin sa bhaile i mbailte beaga idir na cnoic bhoga. Ina dhiaidh sin fuair mé amach Vermont, stát i Meiriceá a chiallaíonn a ainm ‘sliabh glas’… agus ní gá mórán eile a rá.

Agus mé ag siúl timpeall Los Urrutias, mhothaigh mé an taithí chéanna arís. In ainneoin gan mórán glasra a bheith ann, bhí mé ar mo shuaimhneas ar shráideanna ciúine an bhaile bhig seo i réigiún Murcia. Níor mhothaigh sé mar bhaile dom, ach bhraith sé i bhfad níos compordaí ná an chathair mhór.

Níl aon tuairim agam cá dtabharfaidh an todhchaí mé, ná níl aon deifir orm aon athrú mór a dhéanamh. Ach anois, in ainneoin thorann na cathrach, codlaím níos suaimhní agus fios agam go dtuigim faoi dheireadh cad é atá uaim.